Eolas Gaeilge English

Maidir leis an suíomh seo

Fáilte go dtí an Bunachar d'Fhocail na Gaeilge Comhaimseartha ar líne atá á fhorbairt ag Foras na Gaeilge mar thionscadal comhthreomhar le tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge. Is é cuspóir focal.ie ná gach focal sa Ghaeilge chomhaimseartha a liostú in aon bhunachar amháin ar líne. Tá seacht gcinn d'fhoinsí príomha na teanga á gcuimsiú sa suíomh, idir fhoclóirí, bhunachair théarmaíochta agus chorpais. Cumhdaíonn na foinsí seo an tréimhse ó English-Irish Dictionary de Bhaldraithe in 1959, tús ré an Chaighdeáin Oifigiúil, go dtí suíomhanna comhaimseartha an lae inniu ar nós focloir.ie, tearma.ie agus gaois.ie. Cuirfidh an suíomh ar chumas an úsáideora teacht ar fhocail uile na Gaeilge comhaimseartha in aon áit amháin, chomh maith le heolas maidir leis na foinsí príomha ina bhfuil na focail sin le fáil.

Conas a oibríonn sé

Ar an leathanach baile feicfidh tú liosta focal ar chlé. Is féidir an liosta a shórtáil de réir aibítre nó de réir minicíochta (i Nua-Chorpas na hÉireann). Má chlóscríobhann tú cúpla carachtar sa bhosca téacs ag barr an liosta, teorannófar liosta na bhfocal go focail a thosaíonn ar na carachtair sin. Mar shampla:

Ar dheis léirítear cé acu de na foinsí príomha ina bhfuil aon fhocal ar leith le fáil. Chun an fhianaise a bhaineann le haon fhocal ar leith in aon fhoinse ar leith a fheiceáil, ní gá ach cliceáil ar an gcill chuí don fhoinse sin agus osclaítear táb nua ina bhfaightear torthaí cuardaigh an fhocail áirithe sin san fhoinse a cliceáladh. Mar shampla, más mian leat súil a chaitheamh ar an bhfocal 'rogha' in focloir.ie nó in gaois.ie, cliceáil ar an gcill sa chiorcal dearg nó sa chiorcal gorm, faoi seach, sa seat scáileáin thíos:

Foinsí na sonraí

Nua-Chorpas na hÉireann (NCÉ)

Tugtar an líon amas de gach focal atá le fáil i Nua-Chorpas na hÉireann, corpas 30 milliún focal Gaeilge a cruthaíodh in 2008 mar chuid de thionscadal an Fhoclóra Nua Gaeilge-Béarla. Is bailiúchán mór de théacsanna Gaeilge é a chuimsíonn réimse leathan téacsanna: saothair ficsin, téacsanna fíriciúla, tuairiscí nuachta, cáipéisí oifigiúla agus eile.

An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge (FNBG)

Má tá tic i gcill FNBG, tá an focal le fáil mar phríomhaistriúchán ar shuíomh FNBG (sa chéad leagan seo, ní chuardaítear na torthaí tánaisteacha in FNBG – féach an mhír 'Torthaí Tánaisteacha' thíos), agus má chliceáiltear ar an gcill sin osclaítear táb nua ina bhfeictear na torthaí cuardaigh ar shuíomh FNBG.

Tabhair do d'aire nach bhfuil cuardach leamach sa Ghaeilge cumasaithe ar shuíomh FNBG fós, mar sin ní aimseoidh cuardach Gaeilge ar an suíomh faoi láthair ach an teaghrán beacht litreacha a lorgaítear (m.sh. má lorgaítear 'seachtain' ní aimseofar 'sheachtain', 'seachtaine', 'tseachtain', 'seachtainí', srl).

An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta (tearma.ie)

Má tá tic i gcill tearma.ie, tá an focal le fáil mar théarma Gaeilge nó mar chuid de théarma Gaeilge ar shuíomh tearma.ie, agus má chliceáiltear ar an gcill sin osclaítear táb nua ina bhfeictear na torthaí cuardaigh ar shuíomh tearma.ie.

Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill, 1977 (FGB)

Má tá tic i gcill FGB, tá an focal le fáil mar cheannfhocal nó i gcorp FGB, agus má chliceáiltear ar an gcill sin osclaítear táb nua ina bhfeictear na torthaí cuardaigh in FGB ar shuíomh teanglann.ie.

English-Irish Dictionary de Bhaldraithe, 1959 (EID)

Má tá tic i gcill EID, tá an focal le fáil mar phríomhaistriúchán in EID, agus má chliceáiltear ar an gcill sin osclaítear táb nua ina bhfeictear na torthaí cuardaigh in EID ar shuíomh teanglann.ie.

Bunachar Téarmaíochta gaois.ie

Má tá tic i gcill gaois.ie, tá an focal le fáil mar théarma Gaeilge nó mar chuid de théarma Gaeilge i mbunachar téarmaíochta gaois.ie, agus má chliceáiltear ar an gcill sin osclaítear táb nua ina bhfeictear na torthaí cuardaigh ar shuíomh gaois.ie.

An Foclóir Beag Uí Dhónaill & Uí Mhaoileoin, 1991 (FB)

Má tá tic i gcill FB, tá an focal le fáil mar cheannfhocal nó i gcorp FB, agus má chliceáiltear ar an gcill sin osclaítear táb nua ina bhfeictear na torthaí cuardaigh in FB ar shuíomh teanglann.ie.

Amach anseo

Tá an chéad leagan den suíomh á sheoladh in 2018 agus tá i gceist go ndéanfaí forbairt agus coigeartú leanúnach ar an suíomh agus ar a fheidhmeanna amach anseo. Fáiltítear roimh aiseolas agus roimh mholtaí ag aiseolas3@forasnagaeilge.ie.

Torthaí Tánaisteacha

Sa chéad leagan seo ní áirítear amais a bheadh i réimsí tánaisteacha (Torthaí Gaolmhara, abairtí samplacha, srl) na bhfoinsí éagsúla maidir le haon fhocal ar leith. Tá sé seo ar cheann de na forbairtí atá ar intinn againn a chur i gcrích amach anseo.

© Foras na Gaeilge 2018. Suíomh cóirithe ag MBM.