focal.ie logainm.ie ainm.ie FIONTAR

Tionscadail eile

Logainm.ie

Tá Bunachar Logainmneacha na hÉireann cruthaithe ag Fiontar agus An Brainse Logainmneacha (An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta) ag www.logainm.ie.

Tá an acmhainn seo dírithe ar riachtanais iriseoirí agus aistritheoirí, mac léinn agus múinteoirí, mar aon le staraithe agus taighdeoirí ginealais. Áis don phobal atá ann, d’Éireannaigh sa bhaile agus thar lear, agus spreagfaidh sí spéis i saibhreas agus i saíocht logainmneacha na hÉireann. Chomh maith leis na logainmneacha uile atá deimhnithe ag an mBrainse Logainmneacha, tá fáil ann ar:

  • Córas aistriúcháin chun tiontú comhuaineach Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge a dhéanamh ar liostaí logainmneacha;
  • Fuaim le logainmneacha áirithe;
  • Nótaí eolais ar chúlra logainmneacha áirithe;
  • Íomhánna scanta de chuid den fhianaise staire a bhaineann leis na logainmneacha

Tuilleadh eolais...

Tionscadal LEX

Ó thús 2008, tá Fiontar ag obair ar théarmaí a sholáthar do bhunachar téarmaí an AE, iate.europa.eu. Cuirtear na téarmaí seo le gluais bhreise Focal.ie go tráthrialta. Tá tuairim is 9 milliún téarma sa bhunachar poiblí seo, sna 23 teanga oifigiúil. Tá Fiontar freagrach as forbairt na dtéarmaí Gaeilge ann, agus as cur lena líon.

Lex and IATE team

Foireann Fiontar, ionadaithe ó Institiúidí an AE agus ón Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ag cruinniú sa Bhruiséil (17 Samhain 2009).

Is é sprioc an dara gné de thionscadal LEX na téarmaí dlí agus reachtaíochta atá ar fáil i nGaeilge a bhailiú agus a chur ar fáil don phobal ar www.focal.ie. Táthar ag obair i rith 2009-10 ar

  • Ionstraimí Reachtúla ó na blianta 1976-1981 a chur ar fáil go leictreonach (i nGaeilge; tá an leagan Béarla ar fáil cheana ag irishstatutebook.ie);
  • iad a ailíniú chun cuimhne aistriúcháin a chruthú; agus
  • téarmaí a asbhaint astu, a bheidh le foilsiú ar focal.ie.

Ainm.ie

Tá tionscadal beathaisnéisí Gaeilge á fhorbairt ag Fiontar i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, bunúdair na mbeathaisnéisí. Tá an ghné bhunaidh den tionscadal seo á maoiniú ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.

Is é sprioc na hoibre reatha naoi n-imleabhar beathaisnéisí Gaeilge (1986-2007) le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ina bhfuil 2,052 leathanach agus 1,272 beathaisnéis, a dhigitiú agus a fhoilsiú ar line. Tá Gnéithe 2 agus 3 beartaithe ar ball, ach maoiniú a bheith ar fáil, chun an t-ábhar a fhoilsiú i bhfoirm imleabhair chlóite amháin (móide CD-ROM más cuí), agus clár oibre leanúnach a bhunú maidir le taighde agus nuashonrú rialta ar bheathaisnéisí Gaeilge.

Seo thíos na bunsaothair atá i gceist:

  • 1882–1982 Beathaisnéis a hAon. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 1986.
  • 1882–1982 Beathaisnéis a Dó. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 1990.
  • 1882–1982 Beathaisnéis a Trí. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 1992.
  • 1882–1982 Beathaisnéis a Ceathair. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 1994.
  • 1882–1982 Beathaisnéis a Cúig. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 1997.
  • 1782–1881 Beathaisnéis. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 1999.
  • 1560–1781 Beathaisnéis. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 2001.
  • 1983–2002 Beathaisnéis. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 2003.
  • Beathaisnéis a Naoi: Forlíonadh agus Innéacsanna. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. 2007.

Mórshaothar luachmhar léinn é an saothar bunaidh seo a chuimsíonn beathaí na nGael ó 1560 go dtí 2006. Is é sprioc an tionscadail seo rochtain éasca ar an taisce seo a dheimhniú agus leanúnachas a chinntiú san obair.

Tuilleadh eolais...

Sonraí téarmaíochta: © 2006 Foras na Gaeilge
Réiteach teicniúil: © 2006 Fiontar