Is é atá ar fáil sa phríomhbhailiúchán téarmaíochta ar shuíomh focal.ie ná an stoc téarmaíochta a bailíodh in oifig an Choiste Téarmaíochta in imeacht na mblianta. Seo thíos na cineálacha éagsúla foinsí a cuimsíodh sa bhailiúchán.
Tháinig ann don stoc seo, go príomha, de bharr na hoibre a tionscnaíodh sa Roinn Oideachais i 1927 chun téarmaí teicniúla a sholáthar don chóras oideachais, idir théacsleabhair, pháipéir scrúdaithe agus cháipéisíocht oideachais. Dá réir sin, is ar ábhair na siollabas bunscoile agus meánscoile is mó a bhíothas ag díriú thar na blianta.
Rinneadh formhór na hoibre seo trí fhochoistí saineolaithe sna réimsí eolais a bhunú chun tacar coincheap a measadh a bheith riachtanach chun na hábhair sin a theagasc a phlé agus téarmaí caighdeánacha a mholadh ina leith, a bheadh le foilsiú i bhfoirm sainfhoclóirí. Ag éirí as an obair seo, foilsíodh os cionn 20 foclóir téarmaíochta i sainréimsí éagsúla.
Faoi láthair tá fochoistí ag obair ar bhailiúcháin téarmaíochta i réimsí an oideachais agus an spóirt. Is iad na foclóirí is deireanaí a foilsíodh de bharr obair fochoistí eile ná Ainmneacha Dílse an Nua-Thiomna, Foclóir Geolaíochta agus Geoifisice, Foclóir Litríochta agus Critice, Foclóir Seoltóireachta.
Tiomsaíodh agus foilsíodh atheagráin de chuid de na foclóirí ó thráth go chéile, m.sh. Ainmneacha Plandaí agus Ainmhithe, Foclóir Bitheolaíochta, Foclóir Eolaíochta, Foclóir Fiseolaíochta agus Sláinte, Foclóir Ríomhaireachta is Teicneolaíocht Faisnéise, Tíreolaíocht agus Pleanáil.
Thairis sin, tá roinnt foclóirí a thiomsaigh eagarthóirí seachtracha a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge nó a bhfuarthas cead ó na heagarthóirí ina leith cuimsithe sa stoc téarmaíochta seo, m.sh. An Tobar, Foclóir Fealsaimh, Foclóir FIONTAR, Foclóir Parlaiminte, Foclóir Reiligiúin, Gluais de Théarmaí Teileachumarsáide, Lámhleabhar Bia agus Dí, Lámhleabhar Miondíola.
I gcásanna eile, tiomsaíodh liostaí téarmaíochta bainteach le hábhair faoi leith agus rinneadh iad a scaipeadh ar chigirí agus ar mhúinteoirí sna hábhair sin. Cuirtear cóipeanna ar fáil do bhaill den phobal ar iarratas. Cuid de na liostaí seo, is saothair idir lámha iad a dhéantar a nuashonrú ó am go chéile i dtreo tionscadal éagsúil atá beartaithe, m.sh. Téarmaí Matamaitice, Téarmaí Seandálaíochta, Téarmaí Spóirt, Téarmaí Staire. Cuimsíodh cuid eile de na liostaí i sainfhoclóirí de réir mar a bhídís á n-ullmhú, m.sh. foilsíodh na liostaí san Adhmadóireacht, sa Líníocht Theicniúil agus sa Mhiotalóireacht in Foclóir Ceirdeanna agus Teicneolaíochta, agus foilsíodh Téarmaí Oifige, agus Cuntasaíocht agus Eagrú Gnó in Foclóir Staidéir Ghnó, agus bunleagan den liosta Matamaitice in Foclóir Eolaíochta.
Liostaí eile fós, tiomsaíodh iad i gcomhar le heagraíochtaí seachtracha a bhí i mbun lámhleabhar nó gluais téarmaíochta nó táirgí bogearra a ullmhú ina sainréimse féin. Bhí an Coiste Téarmaíochta páirteach i 15 fhoilseachán den chineál seo, agus i roinnt táirgí bogearra. Ina measc tá saothair a d’fhoilsigh An Garda Síochána, An Roinn Comhshaoil agus Údarás Áitiúil, Birdwatch Ireland, Garraithe Náisiúnta na Lusanna, Óglaigh na hÉireann, RTÉ, Sherkin Island Marine Station, Telecom Éireann (Eircom anois), Microsoft Corporation, Sony Corporation.
Bailíodh na téarmaí a d’eascair as fiosrúcháin ón bpobal a fuarthas in imeacht na mblianta i bhfoirm liostaí ilghnéitheacha. Tiomsaíodh dhá bhailiúchán mhóra den téarmaíocht ilghnéitheach seo bunaithe ar na tréimhsí 1985-2000 agus 2000-2005 agus foilsíodh iad ar an Idirlíon (ar shuíomh www.acmhainn.ie). Ó shin i leith, déantar an téarmaíocht ilghnéitheach a ionchur i mbunachar téarmaíochta focal.ie.
Beartaíodh bunachar téarmaíochta focal.ie a fhorbairt chun bainistiú agus léiriú a dhéanamh ar iomlán an ábhair a bhí bailithe ag an gCoiste Téarmaíochta. Mar chéad chéim, ionchuireadh an líon foinsí a bhí ar fáil cheana féin i bhfoirm leictreonach. Rinneadh foinsí eile a scanadh agus a ionchur. D’fhág sin go raibh iliomad foinsí, idir ábhar foilsithe agus ábhar neamhfhoilsithe, tiomsaithe le chéile in aon mhórfhoinse amháin. Buntáiste an-mhór ab ea é seo ó thaobh rochtain a bheith ag an bpobal agus ag an bhfoireann ar an stoc téarmaíochta go réidh. Gineadh sraitheanna éagsúla ceisteanna as an obair thiomsúcháin seo, áfach, agus tá obair leanúnach ar bun chun dul i ngleic leis na ceisteanna seo.
Is iad na cineálacha ceisteanna is mó atá ag teacht chun cinn ná:
Le déileáil leis na ceisteanna thuasluaite, tá na tascanna seo idir lámha ag baill foirne in oifig an Choiste agus in Fiontar, de réir chomhairle an Choiste Téarmaíochta:
Dr Antain Mac Lochlainn, Cathaoirleach
Dr Éamonn Ó hÓgáin, Leas-Chathaoirleach
Fidelma Ní Ghallchobhair, Rúnaí
Austin Duff, An Coimisiún Eorpach
Liam Mac Con Iomaire
An tOll. Micheál Mac Craith, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Carmel Nic Eoin, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Dr Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig, Droim Conrach
Póilín Ní Chiaráin
Dr Gearóid Ó Cleircín, FIONTAR
Eoin Ó Droighneáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Seán Ó Dubhda, Rannóg an Aistriúcháin
Labhrás Ó Finneadha, Parlaimint na hEorpa
Tadhg Ó hÚrdail, Comhairle na nAirí
Dr Pádraig Ó Mianáin, Foras na Gaeilge
Liam P. Ó Murchú, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh
Seosamh Ó Murchú, An Gúm
Donla uí Bhraonáin
Tugtar ballraíocht an fhochoiste sa réamhrá le gach foclóir a fhoilsítear. Mar sin, ní thabharfar anseo ach ballraíocht na bhfochoistí is déanaí a bhí ag saothrú.
Dr Gearóid Ó Cleircín (Fiontar agus An Coiste Téarmaíochta), Finín Mac a’Bhaird, Tadhg Ó Bric (An Coiste Téarmaíochta), Colm Ó Ciardubháin (Fiontar), Pádraic Ó Gaora, Dr Pádraig Ó Mianáin (An Coiste Téarmaíochta), Micheál Ó Muircheartaigh, Éamonn Ó Riordáin, Donla uí Bhraonáin (An Coiste Téarmaíochta).
Fidelma Ní Ghallchobhair (An Coiste Téarmaíochta), Seán de Brún (Coláiste Mhuire gan Smál), Seán Mac Corraidh (Bord Oideachais agus Leabharlann Bhéal Feirste), Pól Mac Fheidhlimidh (An Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Mheasúnachta), Seosamh Mac Ionmhain (An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais), Antain Mag Shamhráin (Coimisiún na Scrúduithe Stáit), Carmel Nic Eoin (An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge), Máire Ní Rianaigh (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta), Seán Ó Broin (Coimisiún na Scrúduithe Stáit), Feargas Ó Casaide (An t tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais), agus, ar feadh tréimhsí éagsúla, Peadar Mac an Iomaire (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge), Caoimhe Máirtín, Íosold Ní Dheirg (Institiúid Teangeolaíochta Éireann), Nóirín Ní Nuadháin (Coláiste Phádraig, Droim Conrach), Stiofán Ó Deoráin (An Coiste Téarmaíochta),
Dr Éamonn Ó hÓgáin (An Coiste Téarmaíochta), An tOir. Gary Hastings, Máire Nic Mheanmain (An Gúm), Dr Fearghus Ó Fearghail (Institiúid Oideachais Mater Dei), Dr Joe Ó Labhraí (Coláiste Naomh Muire, Béal Feirste), Dr Pádraig Ó Mianáin (An Coiste Téarmaíochta), Fidelma Ní Ghallchobhair (An Coiste Téarmaíochta).
Donla uí Bhraonáin (Fiontar agus An Coiste Téarmaíochta), Dr Antain Mac Lochlainn, Cian Marnell (Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo), Caitlín Mhig Fhloinn (Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn), Máirtín Ó Cadhain (An Gúm), Diarmuid Ó Cearbhaill (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), Pádraig Ó Conghaile (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta), Aodh Ó Domhnaill (An Banc Ceannais), Fidelma Ní Ghallchobhair (An Coiste Téarmaíochta).
Dr Máirín Nic Eoin (An Coiste Téarmaíochta agus Coláiste Phádraig, Droim Conrach), An tOll. Gearóid Denvir (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), Dr Liam Mac Cóil, Antain Mag Shamhráin, Dr Máire Ní Annracháin (Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad), Dr Proinsias Ó Drisceoil, Fidelma Ní Ghallchobhair (An Coiste Téarmaíochta).
Donla uí Bhraonáin (An Coiste Téarmaíochta agus Fiontar), Michael Everson (Evertype Teo.), Marion Gunn (EGT Teo. agus Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath), Antain Mag Shamhráin (An Gúm), Niall Ó Cearbhaill (Fiontar), Elaine Uí Dhonnchadha (Fiontar agus Institiúid Teangeolaíochta Éireann), agus, ar feadh tréimhsí éagsúla, Henry Leperlier (Fiontar), Niall Mac Uilidhin (Fiontar agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), Dr Roibeárd Ó Cuirrín, (Ollscoil na hÉireann, Gailimh), Dr Ciarán Ó Duibhín (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste), Colm Breathnach agus Fidelma Ní Ghallchobhair (An Coiste Téarmaíochta).
Dr Eoghan Ó Súilleabháin (An Coiste Téarmaíochta agus An Roinn Oideachais agus Eolaíochta), Muiris de Buitléir (Dúchas), An tOll. Séamus Mac Conghamhna (Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath), Máire Nic Mhaoláin (An Gúm), Dr Raghnall Ó Floinn (Ard-Mhúsaem na hÉireann), Fidelma Ní Ghallchobhair (An Coiste Téarmaíochta).
Dr Bearnárd Ó Dubhthaigh (An Coiste Téarmaíochta agus An Roinn Oideachais agus Eolaíochta), Micheál Breathnach (Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Mhantáin), An tOll. Breandán S. Mac Aodha (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), Réamonn Ó Ciardha (An tSuirbhéireacht Gheolaíochta), Dr Raghnall Ó Floinn (Ard-Mhúsaem na hÉireann), Máire Nic Mhaoláin (An Gúm), agus, ar feadh tréimhsí éagsúla, Pádraig Ó Maoláin, Liam Mac Cóil, agus Colm Breathnach (An Coiste Téarmaíochta).