focal.ie logainm.ie ainm.ie FIONTAR

Tionscadal focal.ie (céim III 2008-2011)

Seo é an bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge. Tá os cionn 290,000 téarma ar fáil ann agus iad inchuardaigh faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla. Cuireadh an chéad chéim den obair i gcrích le cúnamh ó INTERREG III A (2004-7).

Tá FIONTAR, DCU ag obair ar bhonn tionscadail do Foras na Gaeilge chun an bunachar a bhainistiú agus a fhorbairt.

Clár Oibre 2008-2011:

  • Foclóir nua de théarmaí spóirt a thiomsú [féach...];
  • An bunachar a cheangal le Corpas Náisiúnta na Gaeilge;
  • Leagan den bhunachar a fhoilsiú ar CD-ROM;
  • Forbairtí teicniúla a dhéanamh ar na comhéadain phoiblí agus eagarthóireachta;
  • Optamú a dhéanamh ar an bpróiseas cuardaigh;
  • Nuashonrú a dhéanamh ar réimsí áirithe den bhunachar, go háirithe: comhlachtaí poiblí; ainmneacha na bpobal, na dtíortha agus na dteangacha; agus rangú ainmneacha plandaí agus ainmhithe;
  • Cruthú samplaí nua úsáide;
  • Nuashonrú ar an dearadh grafach.
Sonraí téarmaíochta: © 2006 Foras na Gaeilge
Réiteach teicniúil: © 2006 Fiontar