TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
céile fir4 compánach (céile comhraic, céile imeartha); an té atá pósta ag duine (bean chéile, fear céile) ► a chéile ceann leis an gceann eile (aithníonn siad a chéile, mar a chéile iad) ► le chéile in éineacht, i dteannta a chéile ► trí chéile, trína chéile measctha; buartha; le chéile
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
focail i ndiaidh a chéile a dhéanann ráiteas iomlán (tá siad ag teacht, fág ansin é, cá bhfuil siad anois? fuist, a dhuine!)
casta ar a chéile, in aimhréidh, i bhfostú
briseadh ar ghealltanas an phósta faoina bheith dílis do do chéile
airgead cothabhála a íocann fear lena bhean chéile atá scartha uaidh
in achrann, casta ina chéile
leabhar a gcoinnítear stampaí, grianghraif, etc. le chéile ann
substaint, ar nós sóid loiscneach nó potais, atá i gcontráil cheimiceach le haigéad agus neodraíonn siad a chéile nuair a mheasctar iad
focail agus ceol le chéile agus iad le canadh
cuntas ar eachtraí staire bliain ar bhliain i ndiaidh a chéile
rudaí a bheith ar fud fad trína chéile
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
gnás nach gceadaíonn ach aon chéile amháin a bheith ag duine san aon am amháin
cónaí in aon teach le chéile
toiliú, bheith ar aon intinn, teacht nó cur le chéile, réiteach
an bheirt againn, agaibh, acu, le chéile
uirlis troda; uirlis oibre; airm le chéile (lucht airm); fórsaí troda faoi airm (arm na tíre)
do theach féin nó teach do mhuintire; aonad de thalamh ceantair, baile fearainn; tithe agus siopaí le chéile in aon áit amháin
rudaí nó daoine a thabhairt i gceann a chéile; teacht i gceann a chéile
cnuasach; rudaí atá bailithe le chéile
bean a bhfuil a fear céile marbh
fear a bhfuil a bhean chéile marbh
fíochán snáithíneach solúbtha feola a cheanglaíonn na cnámha dá chéile sa chorp
píosa éadaigh nó ábhair eile le rudaí a choinneáil i gceann a chéile
bean atá ina ceann ar thír; bean chéile rí; cárta imeartha a bhfuil pictiúr banríon air
duine baineann fásta; céile mná
dornán páipéar etc.; ualach droma arbhair etc.; rudaí ceangailte i gceann a chéile le sreangán nó i bpáipéar
píosa caol géar miotail le rudaí a ghreamú dá chéile; dealgán (biorán cniotála); lámh (cloig)
grán le haghaidh a mheilte; min choirce agus bainne measctha le chéile
buíon fear in éide a oibríonn le chéile (briogáid dóiteáin, briogáid airm)
cur rudaí i gceann a chéile ina mburlaí
cillíní leictreachais greamaithe le chéile chun leictreachas a stóráil
cuid de leabhar atá deighilte amach le huimhir nó le teideal ar leith; canónaigh ardeaglaise i mbun tionóil le chéile
casadh ar a chéile, dul in achrann
cruach rudaí i mullach a chéile mar a bheadh clocha nó cré; moll, cnap, cúil
rud a thochras thart ar rud eile (rópa a chasadh); lúbadh (do mhurnán a chasadh); dul thart nó cur thart (roth a chasadh); filleadh ar ais (casadh abhaile); seinm, canadh (amhrán, port, a chasadh); bualadh le (castar na daoine ar a chéile); cur i leith (ní á chasadh leat é); lúb, cor (bóthar lán de chastaí); rince (rud a chur ar casadh)
dhá shliogán adhmaid nó eabhair a chnagtar i gcoinne a chéile sa lámh mar thionlacan le damhsa, le hamhrán, agus le ceol giotáir
ag deireadh (i gceann seachtaine); i bhfeighil, ag freastal ar (i gceann a ghnóthaí, dul i gceann oibre); le chéile (rudaí a chur i gceann a chéile)
mar a chéile, díreach mar, gan athrú (an áit chéanna; is iad na daoine céanna iad)
comrádaíocht; cónaí le chéile
eolaíocht a dhéanann amach cén mianach atá i substaintí agus cén tionchar a imríonn siad ar a chéile
daoine beo den chineál céanna, a tháinig ón sinsear céanna, ar aon dath craicinn nó tréithe etc., le chéile; muintir, sloinne
coinneáil daoine de chiníocha difriúla deighilte ó chéile
dhá scláta práis i mbanna ceoil a bhuailtear in aghaidh a chéile
líne daoine i ndiaidh a chéile ag feitheamh seal chun dul ar bhus nó isteach i bpictiúrlann etc.; scuaine
gaireas chun rudaí a fháscadh agus a choinneáil le chéile, teanntán; cruach mhóna