TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
take to , v .i . 1 To take to flight , teitheadh, é a thabhairt do na boinn . To take to the hills , an sliabh a thabhairt ort féin . S.a. BED1 1, HEEL1 1. 2 To take to drink , luí isteach ar an ól . 3 a To take to s.o ., téamh le duine . b To take to a game , do spéis a chur i gcluiche . I do not take to the idea , ní mó ná go dtaitníonn an smaoineamh liom . I shall never take to it , ní thiocfaidh mé isteach air choíche .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To take up one's abode in the country , dul a chónaí sa tuaith .
To take sth. into account, to take account of sth ., rud a chur san áireamh .
To leave sth. out of account, to take no account of sth ., rud a fhágáil as an áireamh .
To take accurate aim , aimsiú díreach .
To take action , gníomhú, beart a dhéanamh .
To take s.o. at advantage , teacht aniar aduaidh ar dhuine .
To take advantage of sth. , leas a bhaint as rud .
To take advantage of s.o. , buntáiste a bhreith ar dhuine ; suí i mbun duine .
To take s.o.'s advice , comhairle duine a ghlacadh .
To take medical advice , barúil f dochtúra a fháil .
To take aim at s.o ., amas m a thógáil ar dhuine .
To take an airing , dul amach faoin aer ; dul amach ag déanamh na gcos .
To take sth. amiss , múisiam a ghlacadh le rud .
To take s.o. apart , duine a thabhairt i leataobh .
To take a machine apart , meaisín a bhaint as a chéile .
To take up arms , dul chun comhraic .
To take, carry, a town by assault , baile a bhaint amach d'ionsaí .
To take an average , meán a thógáil .
To take an aversion to s.o ., col a ghlacadh le duine .
To take a back-seat , suí thiar ar gcúl .
He had to take a back seat , baineadh a chinseal de , cuireadh i leataobh é .
To take its bearing on sth ., luí ar rud .
To take the bearings of a coast , marc a thógáil ar chósta .
To take s.o. for better or worse , glacadh le duine le maith nó le holc .
To take goods on board , earraí a chur ar bord .
To take, catch, the ball on the bounce , an liathróid a cheapadh ar a léim .
To take the bread out of s.o.'s mouth , an greim a bhaint as béal duine .
To take breath , anáil a tharraingt .
To take the bull by the horns , aghaidh a thabhairt le hiomghoin .
Take care not to break it , fainic an mbrisfeá é .
To take in cargo , lasta a chur ar bord .
To take a cast of sth ., múnla a dhéanamh de rud .
To take up s.o.'s cause , páirt duine a thógáil .
To take a chair , suí síos .
To take the chair , dul sa chathaoir ; dul i gceannas .
To take a chance , dul san fhiontar .
To take a long chance , dul i nguais mhór .
To take charge of s.o ., (i) aire a thabhairt do dhuine ; (ii) (provide for) duine a choinneáil .
Jur : To take s.o. in charge , duine a thógáil, a ghabháil .
To take the chill off (sth.) , rud a bhogadh, a théamh ; an ghoimh a bhaint as (uisce) .
Jur : To take cognizance of sth ., aird bhreithiúnach a thabhairt ar rud .
To take a compass bearing , treo-uillinn compáis a thógáil .
To take the consequences of , bheith thíos le ...
To take sth. into consideration , rud a chur san áireamh .
To take a copy of a letter , cóip a dhéanamh de litir .
To take a corner , coirnéal a chaitheamh .
To take counsel with s.o ., (i) comhairle a iarraidh ar dhuine ; (ii) dul i gcomhairle le duine .
To take, pluck up, muster up, courage , misneach a mhúscailt .
To let things take their course , scaoileadh le cúrsaí .