comóir, v.t. (vn. -óradh, pp. -órtha). 1. Convene, assemble. Aonach, cruinniú, a chomóradh, to convene a fair, a gathering. 2. Celebrate. Féile, ócáid, an Cháisc, a chomóradh, to celebrate a feast, an occasion, Easter. Do chomóradh glóire Dé, for the greater glory of God. 3. Accompany, escort. Duine a chomóradh abhaile, go teach an phobail, chun an stáisiúin, to escort s.o. home, to the church, to the station. Rinne sé mé a chomóradh giota den bhealach, he accompanied me part of the way.